Seo dhíbh, a cháirde duan Óglaigh
Caithréimheach, bríomhar, ceolmhar,
Ár dtinte cnámh go buacach táid,
'S an spéir go mín réaltógach,
Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo,
'S go tiúnmhar glé roimh thíocht do'n ló,
Fé chiúnas chaomh na hoíche ar seol,
Seo
libh canaidh Amhrán na bhFiann.
CURFÁ / CHORUS:
Sinne Fianna Fáil atá fé gheall ag Éirinn,
Buíon dár slua thar toinn do ráinig chugainn,
Fé mhóid bheith saor seantír ár sinsir feasta
Ní fhágfar féin tiorán ná féin tráil.
Anocht a théam sa bhearna bhaoil,
Le gean ar Ghaeil chun báis nó saoil,
Le gunna-screach fé lámhach na bpiléar,
Seo libh canaidh Amhrán na bhFiann.
Cois bánta réidhe, ar árdaibh sléibhe,
Ba bhuachach ár sinsir romhainn,
Ag lámhach go tréan fé'n sár-bhrat séin
Tá thuas sa ghaoith go seolta.
Ba dhúchas riamh d'ár gcine cháidh
Gan iompáil siar ó imirt air,
'S ag siúl mar iad i gcoinne namhad
Seo libh canaidh Amhrán na bhFiann.
CURFÁ / CHORUS
A bhuíon nach fann d'fhuil Ghaeil is Gall,
Sin breacadh lae na saoirse,
Tá scéimhle 's scanradh i gcroithe namhad,
Roimh ranna laochra ár dtíre.
Ár dtinte is tréith gan spréach anois,
Sin luisne ghlé san spéir anoir,
'S an bíobha i raon na bpiléar agaibh:
Seo libh canaidh Amhrán na bhFiann.
CURFÁ / CHORUS.
Back to chorus
Return to index